Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “An Bhean agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean de mhuinntir Mhurchadha na cómhnuidhe thall sa leach timcheall triocadh bliadhain ó shoin. Bhí sí breoidhte ar feadh abhfad agus ní eirigheadh sí aon lá.
    Bhí baint éigin aici leis na púcaí. Ní chíorfadh sí a gruaig nó ní níghfeadh sí a h-aghaidh agus ní raibh ann dí sa leabaidh ach mar a bheadh sgáth.
    Dá dtiocfadh aoinne chun í a fheiscint neosfadh sí dhóibh cár chaitheadar an oidhche aréir. Dá labharfaidís mar gheall ar sagart ba dhóbair go raghadh sí as a céill.
    Do thárla oidhche amháin go raibh an sagart i dtig éigin sa chómharsanacht 'na raibh duine breoite ann. Cheapadar gur mhaith an rud é glaodhach air.
    Chuireadar fios ar an sagart . Tháinig sé. Chuaidh sé síos sa seomra chúichi. Nuair a chonnaic sí é leog sí scread aiste. Bhí sé ag cainnt léi ar feadh abhfad agus fé dheire d'innis sí a peacaí do agus thug sé comaoine dhí agus chuir sé an ola dhéanach uirthi.
    D'imthig an sagart leis. Ní raibh sé imthighthe ach cúig neomaití nó mar sin, nuair a iarr sí ortha a h-aghaidh a níghe agus a gruaig a chíoradh. Ní raibh sí ábalta ar a thuille a innsint dóibh, agus fuair sí bás in grásta Dé.
    Tá a muinntir sin na gcómhnuidhe thall sa leac fós agus 'sé a driothár féin abhí ag innsint an scéal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Cuill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chorcaí